SINN FEIN DCU - Cumann Sheena Campbell
Baile/Home | Aontú/Unity | Nascanna/Links | Pictiúrí/Pictures | AnPáirtí/ TheParty | Frásaíocht/ Republican Quotes | Teagmháil/Contact |
Athaontú na hEireann:
Mar pháirtí polaitiúil atá eagraithe ar fud na
32 Chondae, agus le feisirí tofa ag gach leibhéal den chóras
polaitiúil in Éirinn, tá muid ag obair go dian díograiseach
i gcónaí, chun athaontú na tíre lenár linn
féin a aimsiú. Thar aon pháirtí polaitiúil
eile, tá straitéis agus polasaithe cuimsitheacha againn chun athaontú
agus neamhspleáchas na hÉireann a bhaint amach. Is muide an t-aon
pháirtí in Éirinn gur féidir le daoine vóta
a chaitheamh ar a shon, fiú má chónaíonn siad i
nDoire Cholmcille, i gCiarraí, i Loch Garman, nó i gCondae Aontroma.
Ar ndóigh, níl aon pháirtí eile ag brú an
phoblachtánachais, mar aon leis an sóisialachas, chun tosaigh
i bpolaitíocht na tíre seo. Is iad forbairt na struchtúr
uile-Éireannach, agus an t-éileamh d'athaontú na tíre,
na gnóthaí is práinní i gclár oibre Shinn
Féin faoi láthair. Le linn phróiseas na síochána,
bíonn béim láidir leagtha againn i gcónaí
ar straitéisí uile-Éireannacha, i dtaobh bhunpholasaithe
an pháirtí. Sa dóigh sin, bhí beart Shinn Féin
de réir an bhriathair maidir le saothar ár n-airí san Fheidhmeannas,
agus sa Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas. I dTeach Laighean, agus san Fheidhmeannas
ó thuaidh, éilíonn feisirí Shinn Féin i gcónaí,
go ndéanfar forbairt agus cothú ceart ar an gcur chuige polaitiúil
uile-Éireannach, atá go smior ann i gComhaontú Aoine an
Chéasta.
Is iad bunspriocanna Shinn Féin ná: - Brú a chur ar an
rialtas ionas go n-ullmhóidh siad, agus go bhfoilseoidh siad, Páipéar
Glas ar athaontú na hÉireann; - Feachtas forleathan a reachtáil
le pairtithe polaitiúla eile, dreamanna feachtasaíochta, ceardchumainn,
agus le haon ghrúpaí eile sa tsochaí gur suim leo comhghuaillíocht
a chruthú maidir le hathaontú na hÉireann; - An straitéis
uile-Éireannach a leathnú amach i dtaobh polasaithe tábhachtacha
cosúil leis an ngeilleagar, cúrsaí sláinte, fostaíocht,
talmhaíocht, agus turasóireacht; - An comhoibriú atá
ann faoi chúram na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas a leathnú
amach go cuimsitheach; - Ionadaíocht pholaitiúil i dTeach Laighean
agus sa Seanad a aimsiú do shaoránacha Éireannacha a chónaíonn
sna Sé Chondae; - Teagmháil mhacánta a dhéanamh
le hAondachtóirí faoin gcuma a bheas ar Éirinn nua, agus
í bheith athaontaithe. - Trí bheith i mbun pleanála cuimsithí
d'athaontú na hÉireann, agus trí bheith ag cur in iúl
go mbeidh sochaí i bhfad níos fearr ann do chách mar gheall
air athaontú, is féidir le Náisiúnaithe a chur ina
luí ar Aondachtóirí, gur féidir leo todhchaí
dhaingean a bheith acu in Éirinn nua, agus athaontaithe.
--------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------
As the only party organised throughout the 32 counties, and with elected representation at all levels of democracy in Ireland, we are working to make Irish unity a reality in our lifetime.
We are the only party with a strategy and policies for achieving Irish unity and independence. We are the only party that people can vote for whether they live in Derry, Kerry, Wexford or Antrim. We are the only party bringing a distinctly republican and socialist analysis into the heart of Irish politics.
We have placed the development of all-Ireland structures and the demand for reunification at the top of our political agenda.
Throughout the peace process we have consistently urged an island-wide approach in key policy areas.
We have given practical expression to this through the work of our Ministers in the Executive and the all-Ireland Ministerial Council.
In the Dáil and the Assembly, Sinn Féin representatives have continuously pressed the need to sustain and develop the all-Ireland approach enshrined in the Good Friday Agreement.
Sinn Féin's priorities are:
Preparation and publication of a Green Paper on Irish unity by the Irish government;
A broad campaign alongside other political parties, campaign groups, trade unions
and other interested sections of our society in creating an Alliance for Irish
Unity;
Expanding the island wide approach in key policy areas including the economy,
health, employment, agriculture and tourism;
Expansion of the areas of co-operation under the North South Ministerial Council;
Representation in the Dáil and Seanad for Irish citizens living in the
north of Ireland;
Engaging with unionism about the nature and form a new united Ireland will take.
By planning for Irish unity and by demonstrating that unification can lead to
a better society for all the people of this island, nationalists will go far
towards persuading many unionists that they can have a secure future in a new,
united Ireland.